Focal Gaeilge ar “kayak/qajaq/ᖃᔭᖅ”

Sé “cadhcan focal atá ag focal.ie air—ach ní maith liom an focal sin, ar chúiseanna éagsúla.

Más as Ionúitis nó as Béarla fhéin a thóigtear an focal, ceapaim go mb’fhearr rud eicínt ar nós “caidheac/caigheac” a thabhairt air i nGaeilge.

Mar atá scríofa san Oxford English Dictionary, mar shompla:

kayak, n.1

Pronunciation:  /ˈkaɪək/
Forms:  Also 17 kaiakkiack, 17–18 kajak, 18 kayac(kkya(c)kkaiackkajaccayak.
Etymology:  < Inuit; the term is common to all the dialects, from Greenland to Alaska. The k’s have a deep guttural sound, sometimes represented by krk, or rkr.

kayak, n.1
Second edition, 1989; online version June 2011. <http://www.oed.com.proxy.library.nd.edu/view/Entry/102672>; accessed 29 June 2011. Earlier version first published in New English Dictionary, 1901.

De réir na bhfoirmeacha atá liostaithe acu ansin (agus de réir na n-athfhriotal stairiúil nar ghreamaigh mé anseo ar mhaithe le coimre na postála seo), is léir go raibh consan lárnach, viz. /j/, nó cineál giorrúcháin fhoghraíochta chun dhá shiolla mar atá le feiceáil sa míniú foghraíochta thuas (/ˈkaɪək/), ariamh le cloisteáil sa bhfocal Béarla. Agus tá ciall leis, mar sin, gur ⟨c⟩ leathan a bheadh ann ag tús an fhocail i nGaeilge agus ag a dheireadh, de réir an mhínithe sin thuas (“The k‘s have a deep guttural sound…“)

Freisin sén litriú atá air in Ionúitis ⟨qajaq⟩ sa gcló rómhánach, ⟨ᖃᔭᖅ⟩ sa tsiollacht Ionúitise (dar le Wikipedia). Léiríonn an dá leagan go bhfuil consan i lár an fhocail, viz. /j/ san AFI.

Ach níl aon chonsan i lár an fhocail “cadhc” ná níl ach aon siolla amháin ann mar a fhuaimnítear i nGaeilge é—défhoghar aonsiolla atá ann: /kaɪk/, mura bhfuil dul amú orm.

An fearr libhse “cadhc” nó “caidheac/caigheac“? An mb’fhearr glacadh le “kayak” fhéin, mar a rinneadh sa bhFraincis?

Seans go bhfuil mé ag dul amú ar fad, seans nar rugadh mé le haghaidh cumadóireacht téarmaíochta…

Ar aon nós séard a chuireas an focal “cadhc” i gcuimhe dhomsa ná “kike“!

3 smaoineamh ar “Focal Gaeilge ar “kayak/qajaq/ᖃᔭᖅ”

    • Céard atá cearr leis sin muise! Nó anseo i mórthír Mheiriceá, áit nach bhfuil aon churach “Éireannach” le fáil, d’fhéadfá “curach” fhéin a thabhairt air.

  1. –aidhea– nó –aidhea–, is minic a fhuaimnitear a macasamhail mar í /i:/, e.g. “snaidhm”; tá neart samplaí le fáil ón seanlitriú, e.g. “baidhte” = “baoite”. Sílim mar sin go gcuirfeadh litriú ar nós –aidhea– mearbhall ar dhaoine dá bharr.

    B’fhearr liom féin “kayak” nó “curach Inuit” (an-smaoineamh).

Freagair

Fill in your details below or click an icon to log in:

Lógó WordPress.com

Faoi do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athraigh )

Peictiúr Twitter

Faoi do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athraigh )

Grianghraf Facebook

Faoi do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athraigh )

Ag ceangal le %s