Focal Gaeilge ar “kayak/qajaq/ᖃᔭᖅ”

Sé “cadhcan focal atá ag focal.ie air—ach ní maith liom an focal sin, ar chúiseanna éagsúla.

Más as Ionúitis nó as Béarla fhéin a thóigtear an focal, ceapaim go mb’fhearr rud eicínt ar nós “caidheac/caigheac” a thabhairt air i nGaeilge.

Mar atá scríofa san Oxford English Dictionary, mar shompla:

kayak, n.1

Pronunciation:  /ˈkaɪək/
Forms:  Also 17 kaiakkiack, 17–18 kajak, 18 kayac(kkya(c)kkaiackkajaccayak.
Etymology:  < Inuit; the term is common to all the dialects, from Greenland to Alaska. The k’s have a deep guttural sound, sometimes represented by krk, or rkr.

kayak, n.1
Second edition, 1989; online version June 2011. <http://www.oed.com.proxy.library.nd.edu/view/Entry/102672>; accessed 29 June 2011. Earlier version first published in New English Dictionary, 1901.

De réir na bhfoirmeacha atá liostaithe acu ansin (agus de réir na n-athfhriotal stairiúil nar ghreamaigh mé anseo ar mhaithe le coimre na postála seo), is léir go raibh consan lárnach, viz. /j/, nó cineál giorrúcháin fhoghraíochta chun dhá shiolla mar atá le feiceáil sa míniú foghraíochta thuas (/ˈkaɪək/), ariamh le cloisteáil sa bhfocal Béarla. Agus tá ciall leis, mar sin, gur ⟨c⟩ leathan a bheadh ann ag tús an fhocail i nGaeilge agus ag a dheireadh, de réir an mhínithe sin thuas (“The k‘s have a deep guttural sound…“)

Freisin sén litriú atá air in Ionúitis ⟨qajaq⟩ sa gcló rómhánach, ⟨ᖃᔭᖅ⟩ sa tsiollacht Ionúitise (dar le Wikipedia). Léiríonn an dá leagan go bhfuil consan i lár an fhocail, viz. /j/ san AFI.

Ach níl aon chonsan i lár an fhocail “cadhc” ná níl ach aon siolla amháin ann mar a fhuaimnítear i nGaeilge é—défhoghar aonsiolla atá ann: /kaɪk/, mura bhfuil dul amú orm.

An fearr libhse “cadhc” nó “caidheac/caigheac“? An mb’fhearr glacadh le “kayak” fhéin, mar a rinneadh sa bhFraincis?

Seans go bhfuil mé ag dul amú ar fad, seans nar rugadh mé le haghaidh cumadóireacht téarmaíochta…

Ar aon nós séard a chuireas an focal “cadhc” i gcuimhe dhomsa ná “kike“!

Lytro

Fíor-spéisiúil. Fíorchúláilte.

http://allthingsd.com/20110621/meet-the-stealthy-start-up-that-aims-to-sharpen-focus-of-entire-camera-industry/

http://www.lytro.com/

Séard a dhéanas an ceamara nua seo réimse a ghabháil atá níos doimhne ná an fráma a ghabhas gnáthcheamara, .i. tig leat fócas an pheictiúir a athrú fiú thar éis dhuit é a thógáil.

Téigí chuig an bpostáil bhlaga sin ar AllThingsD, nó téigí chuig suíomh Lytro fhéin, agus bainigí triail as fócas na bpeictiúr somplach a athrú—fíorchúláilte, adeirim!

Spéisiúil… roinnt teangacha Indiacha ar fáil ar Google Translate anois

 

Is iad Beangáilis, Gúisearáitis, Cannadais, Tamailis, agus Teileagúis na cúig halfa-theanga thrialacha atá Google thar éis a chur ar fáil anois. Labhraíonn breis is 500 milliún duine na cúig theanga seo. Ainmní–cuspóir–briathar an t-ord focal is coitianta sna teangacha seo. Teangacha gleanaitheacha iad Tamailis, Teileagúis, agus Cannadais, mar shompla… An-spéisiúil ar fad, dar liomsa. Is iontach na clónna iad lena scríobhtar na teangacha seo freisin.

Siod í an bhunphostáil bhlaga:

Foighid, mar sin

Séard a léigh mé agus mé ag breathnú thrí ionad cabhrach Twitter go mbeifear ag cur beagnach chuile theanga ar fáil gan mórán achair… Níl fhios agamsa cén fhad atá an ráiteas seo ann cheana, áfach.

Why aren’t you translating my language?

  • We’ll be opening up Twitter to translators of nearly all languages soon.
  • If you don’t see yours, stay tuned and check back again. Thanks for your patience.

Siad na teangacha atá ar fáil faoi láthair:

What languages are you working on?

  • We have opened up the Translation Center to users who speak French, Indonesian, Italian, German, Japanese, Korean, Russian, Spanish, and Turkish.

Féachtar an bunleathanach fhéin anseo:

https://support.twitter.com/groups/31-twitter-basics/topics/107-my-profile-account-settings/articles/434816-about-twitter-translate

Caithfear éisteacht!

Tá cineál feachtais ar siúl ag lucht taoiteála na Gaeilge faoi láthair, de réir cosúlachta, ag iarraidh Gaeilge a chur le teangacha Twitter.

Breathnaítear orthu seo, mar shompla:

https://twitter.com/#!/search?q=%23twitterasgaeilge

Srl.! Bígí á iarraidh!

“Fear óg fuinniúil láidir as na Státaí ag iarraidh cupla mí a chaitheamh i gConamara ag cur barr feabhais ar a chuid Gaeilge”

Ós rud é go bhfuil mé ag iarraidh jab Gaeltachta a fháil le fada, bhí mé ag scríobh chuig ollamh liom le deireanaí, agus ba éard adúirt sé i ríomhphost a fuair mé an lá cheana gurbh fhiú dhom fógra a chur amach ar na meáin Ghaeilge…

b’fhiu duit fogra a chur amach ar RnaG, Gaelsceal, Foinse etc … fear og fuinniuil laidir as na Statai ag iarraidh cupla mi a chaitheamh i gConamara ag cur barr feabhais ar a chuid Gaeilge. Bheadh se sasta obair de chineal ar bith [...] a dheanamh, ar bheagan airgid [...] , ach an deis a fhail conai a dheanamh i gceantar Fior-Ghaeltachta …

B’fhéidir gurbh fhiú…

Laethanta saoire, más ea…

Chun na trá a chuamar an lá cheana. Ag snámh dhúinn ar feadh tamaill; bhíomar dóite ag an ngréin th’éis an tamaill chéanna muise.

Mé fhéin, mo dheartháir Tim, agus mo chol ceathraracha Andy is Charles a bhí ag iascaireacht inné ar lochán s’acu na feilme, sular glaodh orainn chun dinnéir. Tacos a bhí déanta as na hiarbha s’acu a bhí á n-ithe againn. Ba bhreá na tacos iad.

Tráthnóna inniu bhí muid ag snámh sa lochán beag atá anseo, áit a raibh muid ag iascaireacht inné agus áit a mbíonn ailigéadair agus water moccassins le feiceáil scaití. Ní fada uaim donnú breá, muise, th’éis don dó gréine imeacht, má imíonn.

Scaoil muid neart piléar inniu. .380, .223, 30-30, gránghunna mór m’uncail, 9mm, ⁊rl. Bhí an-chraic againn.

Beidh muid ag imeacht linn abhaile Dé Máirt, is dóigh liom. Oíche Dé Luain, b’fhéidir. Ar thóir oibre a bheas mé ansin…